Paroles de la chanson Sliabh Geal gCua par Anuna

Chanson manquante pour "Anuna" ? Proposer les paroles
Proposer une correction des paroles de "Sliabh Geal gCua"

Paroles de la chanson Sliabh Geal gCua par Anuna

Ó a Shliabh Geal gCua na féile
Is fada uait i gcéin mé
I m'shuí cois cuain i m'aonar
Go tréithlag faoi bhrón
An tuile bhuí ar thaobh díom
'Dir mé 'gus tír mo chléibhe
'Sa Shliabh Geal gCua na féile
Go tréithlag faoi bhrón

Dá mbeinnse 'measc mo ghaolta
I sceithín ghlas na scéimhfhear
Nuair a scaipeann teas na gréine
Ó spéir gheal gan smál
Nó dá mbeinne 'n-siúd faoin réaltain
Nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann
Ó a Shliabh Geal gCua, nar dhéirc sin
Dá mb'fhéidir é 'fháil

'Sé mo léan nach bhfuair mé tógaint
Le léann is mórchuid eolais
I nGealainn uasal cheolmhar
Ba sheolta mo bhéal
Ó threabhfainn cuairt thar sáile
Is thabharfainn bua thar barr chughat
Mar a Shliabh Geal gCua
Ba bhréa liom thú'ardú fé réim

Dá mbeinnse 'measc mo ghaolta
I sceithín ghlas na scéimhfhear
Nuair a scaipeann teas na gréine
Ó spéir gheal gan smál
Nó dá mbeinne 'n-siúd faoin réaltain
Nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann
Ó a Shliabh Geal gCua, nar dhéirc sin
Dá mb'fhéidir é 'fháil

Paroles.net dispose d’un accord de licence de paroles de chansons avec la Société des Editeurs et Auteurs de Musique (SEAM)